Monday 23 April 2007

Feachtas i mBéal Feirste

Tá feachtas nua faoi easpa maoinithe sna healaíona le seoladh i mBéal Feirste Dé Céadaoin 25 Aibreán.

Tá an Chomhairle Ealaíon ó thuaidh ag tabhairt tacaíochta don fheachtas, ag iarraidh an méid céanna caithimh an duine anseo agus atá sa deisceart cheana féin.

Is féidir tuilleadh eolais faoin fheachtas a léamh anseo agus iarrtar ar dhaoine rphost a sheoladh ón suíomh le cur in iúl dá gcuid polaiteoirí go bhfuil móramh i bhfabhar an fheachtais.

Ní fheadar an mbeidh an tAire ceapta Cultúir ó thuaidh, Edwin Poots, i láthair ag an slógadh i gCearnóg na Scríbhneoirí sa chathair le héisteacht leis na hargóintí. Beidh air éirí go luath má tá rún aige páirt a ghlacadh ann - tosóidh an slógadh ag 10.30in.

Do bharúil an mbeidh a lán ealaíontóirí dúisithe ag an am sin?

Wednesday 18 April 2007

Lonraigh aníos mé, a Albanaigh

Bhí mé ag caint le mo bhean chéile, an oíche faoi dheireadh (bhí an teilifíseán as gléas).
Ní mórán uilig tuisceana atá aici ar thábhacht an lánchúlaí láir san iomáint ach, amanna, foghlaimím blúire beag eolais ó thaobh s’aicise den chomhrá.
Chuala sí, áit éigin, go bhfuil teaghlaigh ann i mBaile Átha Cliath atá ag caitheamh suas le 40% den teacht isteach atá acu ar chúram leanaí.
Ghlac mé leis go raibh dul amú uirthi faoin fhigiúr: in easnamh comhthacaíocht fianaise, glacaim leis i gcónaí go bhfuil dul amú ar mo bhean chéile mar níl mórán muiníne agam as a breith; phós sí mise, tar éis an tsaoil!
Ar an phraghas sin, bheinn ag dúil le sársheirbhís amach is amach: limisín ag teacht chun an dorais leis an páiste a thógáil; ceol clasaiceach ón steirió le linn an turais chun a shuim i rudaí cultúrtha ardnósacha a mhúscailt; múinteoir príobh-áideach sa suíochán cúil le Fraincis a theagasc dó ar an bhealach chun na naíolainne, agus ceann eile Spáinnise ar an bhealach abhaile; gobán nua, clúdaithe le mil nádúrtha, achan chúig bhomaite; agus rogha na gcíoch is fearr sa chathair, má tá an nós sin go fóill aige.
Istigh sa naíolann féin, bheadh beirt fheighlithe páiste ann d’achan leanbh, bheadh an gaineamh is míne ón Sahára ar fáil dó, folcadán lán le Evian má bhí fonn air súgradh le báid, ealaíontóirí agus scéalaithe gairmiúla ag fanacht le siamsa a chur ar fáil dó ar eagla go mbeadh sé dubh dóite.
Ag deireadh an lae, thabharfaí ar ais chun an tí é - nite, gléasta ina chuid pitseámí agus, más féidir, ina chodladh.
Rinne mé iarracht seirbhís mar sin a aimsiú i mBaile Átha Cliath, ach theip orm.
Ina dhaidh sin is uile, dealraíonn sé go bhfuil fírinne éigin le ráiteas mo mhná céile agus go bhfuil teaghlaigh ag caitheamh suas le 40% den teacht isteach atá acu ar ghnáthsheirbhís cúram leanaí.
Tá dhá mhíniú ar an scéal seo: tá teacht isteach iontach íseal ag daoine sa phríomhchathair, nó tá tuismitheoirí cois Life iontach bómánta.
Is léir ón chaint uilig faoi na tíogair atá acu mar pheataí theas, nach bhfuil an chéad hipitéis ceart; mar sin, tógaimis an dara ceann. Má tá cúram leanaí de dhíth ar theaghlach, tá an bheirt tuismitheoirí ag obair ach, má tá, is aisteach an obair a dhéanann duine acu mar ní fhaigheann sé/sí leas ar bith as an airgead a ghnóthaíonn sé/sí.
Abair go bhfuil an tuarastal céanna ag an bheirt acu: nuair a chuireann tú costais taistil, lón, srl. san áireamh, tá duine amháin ag tabhairt an t-airgead uilig a ghnóthaíonn sé/sí don naíolann.
An bhfuil focal eile air seo ach bómántacht?
Sa chéad dul síos, ní féidir leo a mhaíomh go bhfuil an dara tuarastal de dhíth orthu mar tugann siad ar shiúl é, agus sa dara dul síos, tá siad ag ligean do strainséirí a bpáistí a thógáil.
Agus ansin, cluinim iad ar chláir raidió agus theilifíse ag gearán go mothaíonn siad ciontach cionn is nach bhfuil siad ag caitheamh go leor ama lena bpáistí.
Mar a dúirt Chekhov (i bhfocail eile), níl ach bealach amháin ann le dul chuig Moscó, agus is é sin imeacht ón áit ina bhfuil tú agus aghaidh a thabhairt ar an bhealach chuig Moscó.
Má tá na gearánaigh seo ag iarraidh i ndáiríre níos mó ama a chaitheamh lena gcuid páistí, déanaidís é, éirídís as an obair agus déanaidís a gcúram leanaí féin. Is léir nach gcronóidh siad an t-airgead a shaothraíonn siad mar ní fhaigheann siad an t-airgead sin, cibé ar bith, faigheann an naíolann é.
Ach, sin an rud, tá seans ann nár mhaith leo i ndáiríre am a chaitheamh lena gcuid páistí.
Aithneodh tú na tuismitheoirí seo mar bíonn siad i gcónaí ag caint faoi na bréagbhuntáistí a bhaineann le do pháistí a chur i naíolann, seafóid faoi scileanna cumarsáide agus a leithéid.
Tagaim ar ais chuig an dearcadh gur cheart ceadúnas a bheith agat le síolrú.
Ní oiriúintí faisin iad páistí, ach daoine beaga le mianta agus le riachtanais dá gcuid féin, agus tá tuismitheoirí ar bharr an liosta sin.
Ach cé go bhfuil tuismith-eoirí Bhaile Átha Cliath agus a socruithe cúram leanaí beagnach dochreidte, níl siad ar an rud is dochreidte a dúirt mo bhean chéile liom, an tseachtain seo, mar d’iarr sí orm seic do mhíle go leith punt a scríobh don chomhlacht leictreachais.
Míle, cúig chéad punt, agus ní as leictreachas a d’úsáid muid fiú, ach leis an leictreachas a cheangal den teach nua atá á thógáil aici faoin tuath (ní bhfuair mé scéal cinnte uaithi go fóill an mbeidh mé ag aistriú léi nuair a thiocfaidh an t-am).
Seo córas nua, a shíl mé, díolann tú as an leictreachas uilig uair amháin, ag an tús, agus ní fhaigheann tú bille ar bith ón chomhlacht ina dhiaidh sin ach, de réir dealraimh, beidh an comhlacht ag seoladh bille chugainn gach ráithe fosta, agus caithfidh mé íoc as an seans sin a chur ar fáil dó.
Dar liom, ba cheart go mbeadh an comhlacht ag tabhairt airgid domsa as ligean dó a sheirbhís, seachas seirbhís comhlachta eile, a chur ar fáil sa teach nua.
Ach sin an saol duit, tá daoine áirithe chomh gnóthach sin ag saothrú airgid go dtugann siad an t-airgead sin do dhaoine eile le haire a thabhairt dá gcuid páistí, agus gearrann comhlachtaí bille ort sa dóigh is go mbeidh siad in ann níos mó billí a ghearradh ort.
Go hiomlán dochreidte.
Tá fonn orm dul ar ais go Plútón, ach deirtear liom nach pláinéad níos mó é.

Bóthar gan deireadh

THE ROAD
Cormac McCarthy
Picador, 241lch, £10.99 (ISBN 0330447556)

Tá Cormac McCarthy ar na húdair chomh-aimseartha is fearr liom.
Bhain mé an-sult as an Border Trilogy uaidh, úrscéalta faoi na buachaillí bó deireanacha ar an teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo.
Ar an drochuair, ní féidir liom an rud céanna a rá faoin leabhar is déanaí uaidh.
Suite i Meiriceá iar-apacailipteach, níl ach an dá charachtar ann, i ndáiríre, athair agus a mhac, iad ag triall ar an bhóthar ó dheas ar lorg bia agus teasa, agus ag seachaint na ndrong a itheann daoine beo.
Baineann an scéal, mar sin, leis an chaidreamh idir an bheirt sin ach, mar an gcéanna le leabhair eile de chuid McCarthy, níl na carachtair iontach cainteach.
Bhí sin inghlactha sna leabhair eile cionn is go raibh níos mó carachtar ann, agus cionn is go raibh plota eachtrach, suimiúil ann, ach anseo is laige é mar nach bhfuil rud ar bith eile ag tarlú – leanann siad leo ag siúl ar an bhóthar; má fheiceann siad daoine eile, léimeann siad isteach sna coillte dóite lena seachaint.
Sna leabhair eile, bhíodh scéal i gcónaí ag na mioncharachtair, ach anseo, níl ach an caidreamh tostach idir an t-athair agus an mac agus an síorstreachailt chun an dé a choinneáil iontu féin.
Sílim le fírinne gur gearrscéal atá ann, agus nár cheart don údar é a scríobh mar úrscéal.
Bhí stíl McCarthy riamh tearc, agus turgnamh de chuid an údair atá sa leabhar fáil amach cad é a tharlaíonn don stíl sin má ghlactar go dtí an dearbhtheorainn í, gan phlota, gan chaint.
An rud a tharlaíonn ná barraíocht den athrá, é ag cur síos, arís is arís eile, ar loime agus ar dhorchadas an tírdhreacha, ar éadóchas agus ar eagla na gcarachtar.
D’aon turas, ní thugann McCarthy míniú don léitheoir ar cad é a tharla don domhan, ar cad chuige a bhfuil sé sa riocht ina bhfuil sé anois, agus tá seo ciapach i ndiaidh tamaill mar tá sé ar na fathanna a bhfuil an léitheoir ag léamh ar aghaidh.
Ní thugann sé ainm féin don bheirt phríomhcharachtar.
Ceileann sé eolas eile fosta go dtí beagnach deireadh an leabhair, mar shampla, gur chuir an mháthair lámh ina bás féin.
Tá an leabhar cosúil le saothar Beckett, ach gan an greann, agus tá an greann sin tábhachtach mar is cuid de nádúr an duine é agus tá an leabhar ag iarraidh a bheith ina fhabhal ar nádúr an duine, an mhaith i bpearsana an athar agus an mhic i gcoinne an oilc, na dronga fiánta ar an bhóthar.
Leabhar le caitheamh sa bhruscar, mar sin?
Ní dhéarfainn sin, mar ainneoin na laigí, is scríbhneoir den scoth é go fóill McCarthy agus tá sleachta sa leabhar atá fíorálainn ar fad.
B’fhéidir gur sin an dóigh is fearr leis an leabhar seo a léamh, é a oscailt ag leathanaigh áirithe, anois is arís, agus píosaí beaga a léamh go randamach.
Fágfaidh mé sibh le sliocht as an leabhar féin ach, má dhúisíonn sé suim ionaibh níos mó de McCarthy a léamh, molaim daoibh tabhairt faoi All the Pretty Horses ar dtús sula dtabharfadh sibh faoin leabhar seo.
“Below in the little valley the still gray serpentine of a river. Motionless and precise. Along the shore a burden of dead reeds. Are your okay? he said. The boy nodded. Then they set out along the blacktop in the gun-metal light, shuffling through the ash, each the other’s world en

Tuesday 20 March 2007

Malai lamha dahli lama

Oooooohhhhh! Nach goilliunach ata na Connallaigh na laethanta seo!
Ag tagairt do pharoiste La Nua a bhi me, a Dhonaill; ni thabharfainn Beal Feirsteach ar dhuine gan chuis.
Ach ar ais chuig an phle.
Is follas nach gnathdhuine e achan duine, no ni bheadh ga leis an tearma gnathdhuine. Ta daoine ann ata os cionn na meastarachta agus daoine ata faoin mheastaracht.
Tharla an phle cheanna sa chaint le de Paor. Duirt se linn gur thug muinteoiri le fios do agus e ar scoil gur daoine as an choitiantacht a bhi i bhfili - gur mhothaigh siad an gra nios laidre na an ghnathdhuine agus gur fulaing siad as an lionn dubh nios geire na an ghnathdhuine.
Ni raibh de Paor ag teacht leis an dearcadh seo ar chor ar bith. Sileann seisean go mbionn na mothuchain cheanna ag fili agus a bhionn ag achan duine eile. Nach bhfuil de dhifear ann ach go scriobhann na fili na mothuchain seo sios agus go ndeanann said iarracht leanunach iad a thuiscint.
Ni aontaim go hiomlan le de Paor ar an phointe seo. Silim go bhfuil rudai agus mothuchain ann nach leir ach do fhili; go dtuigeann an leitheoir na rudai agus na mothuchain sin ma ta an dan maith go leor, ach nach ionann sin is a ra go mbeadh na mothuchain na an fhis cheanna ag an leitheoir ina dhiaidh sin.
Ta barraiocht beime sa tsochai faoi lathair ar an chothromaiocht, agus ce go bhfuil se inmholta i reimsi airithe - poist, pa, dlithe - ni feidir i a chur i bhfeidhm ar achan ghne den saol. Bionn leisce ar dhaoine a admhail go bhfuil duine ar bith nios fearr na iad, na os a gcionn ar dhoigh ar bith, ach is leir nach bhfuil cumas scribhneoireachta ach ag fiorbheagan daoine; nach gnathdhaoine iad scribhneoiri sa mheid sin.
Fiu ma scriobh tu cupla dan agus tu i do dheagoir, ni ionann sin is a ra gur file thu, agus ce go ndeirtear go minic go bhfuil leabhar in achan duine, ni scriobhtar na leabhair seo.
Is ceart, mar sin, breis measa a thabhairt do thuairimi scribhneoiri ar an saol go direach mar nach gnathdhaoine iad, mar go bhfuil machnamh deanta acu ar an saol agus dearcadh acu air nach bhfuil coitianta.
Is fearr i bhfad eisteacht le tuairimi scribhneora na le tuairimi Bono, mar shampla.
Cad e bhur mbaruil air seo - an daoine as an choitiantacht iad scribhneoiri, no an gnathdhaoine iad ach amhain go gcuireann siad an bru orthu fein leabhair a scriobh?

Tuesday 13 March 2007

Ócáid shuimiúil

Bhí mé ag ócáid ealaíne fhíorshuimiúil sa Chultúrlann i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Agallamh poiblí leis an fhile Louis de Paor a bhí ann, sórt Desert Island Discs ar dhóigh, mar roghnaigh de Paor cúpla píosa ceoil a thaitníonn leis agus labhair sé fúthu mar aon lena shaol mar scríbhneoir.
Deis a bhí ann don scríbhneoir labhairt go ginearálta faoi cheird na filíochta agus faoi na fáthanna a scríobhann sé. Agus ar ndóigh faoi na rudaí atá sé ag iarraidh a dhéanamh leis na fhilíocht.
Agus deis a bhí ann don lucht éisteachta aithne a chur ar an duine taobh thiar den scríbhneoireacht.
Sílim go spreagfaidh ócáidí mar seo daoine le níos mó de shaothar an scríbhneora a léamh, go dtuigfidh siad níos fearr é agus go mbainfidh siad níos mó taitnimh as a chuid leabhar de bharr an eolais atá acu anois ar chúlra an scríbhneora.
Dónall Mac Giolla Chóill ón pharóiste seo a bhí ag cur na gceisteanna ar de Paor, agus bhí sé iontach maith chuige: lig sé don fhile é féin caint gan cur isteach air rómhinic agus chuir sé na ceisteanna a chuirfeadh gnáthdhuine in ionad plé dhomhain chasta faoin litríocht a chur ar bun.
Bá é an t-agallamh le Louis de Paor an chéad cheann i sraith.
Bí ag amharc amach don chéad cheann eile agus déan iarracht freastal air.
Cluinim fosta go raibh an Dónall céanna ag damhsa le háthas ag Spraoi, ócáid cheoil a reachtáil na Gaeil Óga, níos moille an oíche chéanna, ach níl agam ach scéal scéil air sin.

Thursday 1 March 2007

“A Little Loyal Jewish Ulster”

Tamall de bhlianta ó shin, shíleas bronntanas a thabhairt don Iarsmalann Ghiúdach i mBaile Átha Cliath - bailiúchán leabhar le cara liom, Chaim Bernant, a bhí seal ina leas-eagarthóir ar an Jewish Chronicle.
Away liom le mo bheart, dosaen leabhar, b’fhéidir, is glacadh uaim iad, an tráthnóna Domhnaigh sin.
Lámh níor croitheadh liom. Focal buíochais ní dúradh, ná nóta admhála ní bhfuaireas riamh.
Cuireadh ceist orm i dtaobh litreach ó Chaim a thit amach as leabhar amháin, litir ag cur cuireadh orm alt a scríobh fá dtaobh de na Giúdaigh in Éirinn.
Ar scríobh mé an t-alt riamh?
Ní dhearna, de réir mo chuimhne, is ba é sin sin.
Tá cuid eile leabhar le Chaim agam agus is agam a fhanfaidh siad.
Bítear ag caitheamh anuas orainn faoi nár thóg isteach an oiread teifeach ón Ghearmáin Naitsíoch is a shamhlaíonn daoine gur chóir.
Ach mar a léirigh ár dteip le cúpla céad ón Ungáir in 1956 agus an gad níos sofheicthe, níos éilithí dá réir, ní rabhamar in ann an inimirce a láimhseáil.
Ní raibh an tíogar úd tagtha go fóill.
Tá, gan dabht, níos mó le rá faoi sin ach ná bíodh slata tomhais ár linne gearrtha le muid a bhualadh anois.
Ní ritheann sé le daoine cé chomh liobrálach ar an cheist is a bhí Alt 44 de Bhunreacht 1937, alt a bhfuaireamar réidh leis gan cíoradh ceart, gan tuiscint cuí, gan na focail a léamh.
Ba leor ag lucht ár gcáinte an t-aitheantas a tugadh do mhóramh an phobail as a bheith ina móramh - téacs a phléigh Dev go mion le hArdeaspag Bhaile Átha Cliath d'Eaglais na hÉireann.
Mo phointe anseo gur tugadh aitheantas as ainm ar na Giúdaigh in Éirinn fosta - an t-aon Bhunreacht san Eoraip ag an am (tríochaidí na fhaisisteachais is an Naitseachais) a thug aitheantas dóibh.
Mórán den phobal Giúdach anseo, tháinig siad mar theifigh ó na pograms in 1905 in Impireacht na Rúise.
Ba as sin do mhuintir Chaim. Ón Liotuáin, mar a tharla, is a lonnaigh in Albain.
Ní haon rófháilte a chuir Balfour, Príomhaire Shasana ag an am, rompu, agus mar atá léirithe ag Roland Rance in eagrán na Samhna de Red Banner (nach bhfuil sa Queen’s Bookshop i mBéal Feirste, mo nuar), chuir Balfour “Aliens Act” os comhair na parlaiminte thall, é ag casaoid “an alien immigration which is largely Jewish”, é ag tuar “(a) state of things could easily be imagined in which it would not be to the advantage of the civilisation of the country that there shuld be an immense body of persons, who, however patriotic . . . by their own action remained a people apart, and not merely held a religion differing from the vast majority of their fellow countrymen, but only intermarried among themselves.”
Sa chomhthéacs sin, is follas nach le haon dea-thoil chucu a bhí an Balfour céanna in 1917 leis an “Balfour Declaration” a gheall do na Siónaigh go dtacódh an Bhreatain leo “national home” a bhunú sa Phalaistín.
An iarracht (eile) a bhí anseo iad a choinneáil amach as Sasana?
Cén léamh eile a chuirfeá air i gcomhthéacs meamram eile de chuid Balfour in 1919?
"In Palestine we do not propose even to go through the form of consulting the wishes of the present inhabitants of the country, though the American Commission has been going through the form of what they are. The four great powers are committed to Zionism and Zionism, be it right or wrong, good or bad, is rooted in age long tradition, in the present needs, in future hopes, of far profounder import then the desires of the 700,000 Arabs who now inhabit that ancient land.”
Ba é port ghobharnóir míleata Iarúsailéim ag an am (sular buaileadh críochdheighilt ar an tír seo, dála an scéil), Sir Ronal Storrs, go mbeadh na Giúdaigh mar “a little loyal Jewish Ulster in a sea of potentially hostile Arabism”.
(Ní fheadar ar mhothaigh Rangers go raibh siad ag baile nuair a chuir foireann ó Iosrael as Corn an UEFA iad le gairid?)
Ach le filleadh seal ar alt Roland Rance:
“This was the explicit bargain: rather than admit Jewsih refugees fleeing persecution, British, and later US, imperialism would sponsor the Zionist colonisation of Palestine, against the wishes and interests of the Palestinian people, in order to establish a secure base for the domination of the Arab world and control of its resources.”
Gan amhras, síolta an aighnis leanúnaigh sa chuid sin den domhan a bhí á gcur acu, an tráth sin. Ní fheadar an as sin – ar bhonn níos éadroime – go mbítear ag síneadh theorainneacha na hEorpa soir chun Iosrael a áireamh mar chuid di (UEFA, Eoraifís) agus mar a bheifeá a chothromú sin an Tuirc (nár admhaigh an cinedhíothú a rinne siadsan ar na hAirméanaigh riamh) a bheith áirithe mar bhallstát den Chomhphobal Eorpach sa todhchaí?
Ar inis mé riamh an scéal faoin lá a d’imir mé le foireann rugbaí na nGiúdach i mBaile Átha Cliath nuair ab ann di?
Neofad libh é ar ball agus tuilleadh de leabhar Chormaic Uí Ghráda, Jewish Ireland in the Age of Joyce, léite agam.
Ar nós chlann Chaim Bermant, ba as an Liotuáin don chuid ba mhó den phobal Giúdach anseo i gcéaduair.

Wednesday 28 February 2007

Léargas ar thraidisiúin eile

Is teagasc lárnach sa Bhúdachas é an mise a dhiúltú, mianta agus dearcadh pearsanta a chur ar ceal agus an fhíor-réaltacht a bhlaiseadh trí bheith i do bhreathnaitheoir ar an domhan mar atá sé, ní mar ba mhaith leat é a bheith.
Ach tugann an teagasc seo deacracht don scríbhneoir atá ag iarraidh an fhealsúnacht seo a chur os comhair an phobail: beidh an léitheoir comhfhiosach – beidh an scríbhneoir féin comhfhiosach – go bhfuil mise éigin ag scríobh na bhfocal, go bhfuil intinn agus dearcadh faoi leith taobh thiar den teachtaireacht.
Is é an réiteach a fhaigheann Rosenstock ar an deacracht seo pearsantacht nua a chumadh, Krishnamurphy, duine de chúlra ina bhfuil meascán den Iarthar agus den Oirthear, d'Éirinn agus den India – agus de shean-Éirinn fosta: ní bhíonn eagla air roimh Lochlannaigh má tá an fharraige gharbh.
Éiríonn leis an réiteach mar go bhfuil an guth leanúnach láidir tríd an leabhar.
Is duine é Krishnamurphy a deir rudaí iontacha, mar shampla, nach bhfuil bás ná breith ann, nach bhfuil siar ná soir ann, go bhfuil an t-am féin ina sheachmall.
B’fhéidir nach nglacaimid go hiomlán leis na fírinní seo ó Krishnamurphy, ach is cinnte go nglacaimid níos réidhe leo cionn is go bhfuil siad ag teacht uaidh seachas go díreach ó Rosenstock.
Éiríonn leis an aidhm atá ag na dánta, mar sin, muid a chur ag machnamh faoi fhealsúnacht agus faoi thraidisiún eile.
Tá an aidhm admhaithe go hoscailte sa chnuasach seo nuair a chuireann Krishnamurphy é féin i gcomparáid le Naomh Pádraig:
“Ach dála Phádraig Naofa fadó
Chuala mé muintir na hÉireann ag scairteadh orm”
Agus arís eile, in Confessio Krishnamurphy,
“Ego Krishnamurphy gan ego gan aon agó.”
Sa dóigh ar thug Pádraig an Chríostaíocht go hÉirinn, tá Krishnamurphy ag iarraidh an Búdachas a chur chun cinn.
Ach tugann an phearsantacht chumtha seo saoirse eile do Rosenstock fosta.
Ligeann sí dó labhairt go hoscailte agus go neamhbhalbh faoi ábhair a mbíonn geis orthu de ghnáth; an bás, mar shampla, agus an dearcadh gur cúis cheiliúrtha é – féach an dán, Dobhriste.
Ligeann sí dó fosta comhrá a bheith aige le Einstein, agus a acmhainn grinn a léiriú i ndánta éadroma.
Tá dóchas don fhocal scríofa i gceann de na tuairiscí ó Bhagdad atá sa leabhar: cé go bhfuil callán an chogaidh thart orthu, ní théann ach focail na bhfilí a fhad le cluas Allah.
“Na buamaí is na pléascáin go léir
Shoilsíodar an náire, tamall,
Gur thum de gheit go talamh.”
Sa dara cuid den leabhar seo, tá rogha haiku le Santoka, aistrithe ag Rosenstock.
Duine suimiúil a bhí in Santoka, manach a chaith a shaol ina dhéirceach, ag imeacht ó áit go háit, gan airgead ná dídean.
Bhí sé ina dhruncaeir fosta nár chloígh go righin le rialacha an haiku.
Tá blas den aistear sna haiku seo, é ag siúl thar sléibhte i ndrochaimsir, é uaigneach ach an nádúr ina chompánach aige:
“sa deireadh
sroisimid Tóiceo
mise is an ghealach”
Gheobhaidh an léitheoir Gaeilge dhá chompánach mhaithe sa leabhar seo, Krishnamurphy agus Santoka (tríonóid má chuireann muid Rosenstock san áireamh!), a chuirfidh traidisiúin nua os a chomhair agus a thabharfaidh ábhar machnaimh dó.
Agus gáire beag, anois is arís fosta.

Monday 19 February 2007

Cúpla tagairt nach mór dom a dhéanamh de rudai atá ráite agaibh. Dúirt anonymous go raibh Cin Láe Seangain léite aige agus go raibh "sásamh éigin" bainte aige as.
Silim go dtuigim cad é atá i gceist aige: tá an scribhneoireacht ar ardchaighdeán sa leabhar sin ach tá cuid de na scéalta ósréalach ar fad, faoi dhaoine atá ina gcónai i ndomhan iar-apacailipteach, nó daoine atá glan ar mire. Silim gur tréith ar leith é seo i ngearrscéalaiochta (aon leid faoi na i fada go fóill?)na Gaeilge, b'fhéidir ag tosú leis An Fear a Phléasc le Michael Ó Conghaile, ach féach gearrscéalta Eoghain Mhic Ghiolla Bhride fosta - bionn scribhneoiri na Gaeilge ag diriú ar charachtair atá ar fhiorimeall an tsochai.
An dóigh libh go bhfuil baint ag an tréith seo leis an teanga ina bhfuil siad ag scriobh? Gur teanga imeallach i agus go réitionn an t-ábhar leis an teanga?
Tá scribhneoiri ann a mhaionn go dtugann an Ghaeilge nios mó saoirse dóibh, go bhfuil siad in ann rudai a scriobh sa teanga sin nach scriobhfaidis i mBéarla.
Cad é bhur mbarúil faoi seo?
B'fhearr liom féin nios mó scéalta faoi ghnáthdhaoine, ach b'fhéidir go bhfuil mé róthraidisiúnta.
Maidir le domhan na Gaeilge a bheith róchúng le drochléirmheas a thabhairt ar leabhar, tá firinne leis sin ach, sa deireadh, ni ar leas na scribhneoiri ná ar leas na leirmheastóiri é.
Ni chaithfidh tú a bheith mailiseach, ach caithfidh tú an fhirinne a insint fosta.
Agus tá mé ag obair ar an chéad chnuasach eile de shaothar a foilsiodh i La faoi láthair, ach an bhliain 2005 i mó a bheith i gceist, a Thiogair!

Wednesday 7 February 2007

Triúr, ar a laghad...

Gó raibh maith agaibh as na freagrai - tá triúr léitheoiri ann, ar a laghad, cé go bhfuil duine acu caoch agus is dóigh nach léann sé rud ar bith dá bharr.
Déanfaidh mé iarracht dul i dteagmháil le Bord na Leabhar Gaeilge nó le hÁIS le fáil amach an bhfuil figiúiri acu faoi lion na leabhar a dhioltar, ach tá mé ag déanamh nach mbionn an t-eolas seo ar fáil mar go gcuirfeadh sé beaguchtach ar na scribhneoiri, agus ar na léitheoiri.
(Dála an scéil, cad é mar a dhéanann tú i fada anseo - ni fhaighim ach nuair a bhainim triail as?)
An ceart ar fad agat faoi leabhair Joe Steve, thug an leabhar go direach isteach i gConamara thú agus bhi an scéal suimiúil freisin, mar a bhi le Lámh Láidir.
Nior léigh me Buaic go fóill, cé go bhfuil sé ar an liosta agam.
Ceist eile anois, cá bhfaigheann sibh na leabhair Ghaeilge?
Is fada an lá ó chonaic mé leabhair Ghaeilge (seachas leabhair d'fhoghlaimeoiri) sna siopai móra leabhar anseo i mBéal Feirste - leitheid Easons agus Waterstones.
An amhlaidh an cás san áit a bhfuil sibhse?

Tuesday 23 January 2007

Ní don Nollaig amháin

Is cinnte go gceannaítear a lán leabhar mar bhronntanas aimsir na Nollag, leabhair Ghaeilge ina measc.
Ach dála na madraí beaga sin a fhaightear ar thaobh an bhóthair i Mí Eanáir, bheadh sé náireach neamhaird a dhéanamh ar an léitheoireacht an chuid eile den bhliain.
Is léir go bhfuil borradh faoi fhoilseoireacht na Gaeilge le roinnt blianta anuas - tá caighdeán agus líon na leabhar ag dul in airde an t-am ar fad.
Ach má tá, tá ceist bhunúsach gan freagra go fóill: an bhfuil duine ar bith ag léamh na leabhar seo?
Ba mhaith liom cluinstin uaibh má tá leabhar Gaeilge léite agaibh le déanaí (nach raibh sé de dhulagas ort é a léamh ar chúrsa oideachais).
Inis dom cén leabhar a bhí ann, agus do thuairimí air mar leabhar.
Mar chuidiú, seo an cúig leabhar a ainmníodh ar ghearrliosta Leabhar na Bliana ar an Oireachtas anuraidh.
Cín Lae Seangáin (Tomás Mac Síomóin)
Hurlamaboc (Éilís Ní Dhuibhne)
Lón Anama (Ciarán Mac Murchaidh)
Gaschaint (Úna Lawlor)
Fontenoy (Liam Mac Cóil)
An bhfuil ceann ar bith acu seo léite agaibh, nó leabhar Gaeilge ar bith eile?