Tuesday 23 January 2007

Ní don Nollaig amháin

Is cinnte go gceannaítear a lán leabhar mar bhronntanas aimsir na Nollag, leabhair Ghaeilge ina measc.
Ach dála na madraí beaga sin a fhaightear ar thaobh an bhóthair i Mí Eanáir, bheadh sé náireach neamhaird a dhéanamh ar an léitheoireacht an chuid eile den bhliain.
Is léir go bhfuil borradh faoi fhoilseoireacht na Gaeilge le roinnt blianta anuas - tá caighdeán agus líon na leabhar ag dul in airde an t-am ar fad.
Ach má tá, tá ceist bhunúsach gan freagra go fóill: an bhfuil duine ar bith ag léamh na leabhar seo?
Ba mhaith liom cluinstin uaibh má tá leabhar Gaeilge léite agaibh le déanaí (nach raibh sé de dhulagas ort é a léamh ar chúrsa oideachais).
Inis dom cén leabhar a bhí ann, agus do thuairimí air mar leabhar.
Mar chuidiú, seo an cúig leabhar a ainmníodh ar ghearrliosta Leabhar na Bliana ar an Oireachtas anuraidh.
Cín Lae Seangáin (Tomás Mac Síomóin)
Hurlamaboc (Éilís Ní Dhuibhne)
Lón Anama (Ciarán Mac Murchaidh)
Gaschaint (Úna Lawlor)
Fontenoy (Liam Mac Cóil)
An bhfuil ceann ar bith acu seo léite agaibh, nó leabhar Gaeilge ar bith eile?

7 comments:

Anonymous said...

An bhfuil aon duine ag léamh aon rud i nGaeilge, taobh amuigh den Aos Léinn, faraoir, ní léigheann 'gnáth-daoine' mórán chan amháin i nGaeilge ach in aon teanga, tá sé tharr am go glactar leis go bhfuil % an mhór do phobal na Gaeilge neamhliteartha.

aonghus said...

N'fheadar an gnáth duine mé, ach cheannaíos "Buaic" le Dermot Somers, agus léigh mé é.

Tá Fontenoy ordaithe agam.

Maidir leis na liostaí úd, tuige nach foilsítear an méid leabahr a díoladh?

(Tá Lón anama ceananithe agam freisin, ach is leabhar tagairte seachas leabhar le léamh é sin)

Anonymous said...

Tá Fontenoy agam féin agus dar liom go bhfuil sé ar na leabhair Ghaeilge is spéisiúla le theacht amach (ní ón chófra) le tamall anuas.
Cé nach bhfuil an saothar go hiomlán críochnaithe agam is léir gur sárscríbhneoir é an t-údar agus tá cur chuige samhlaíoch an scéil ar na buaiceanna is mó atá aige.

Tá na scríbhneoirí againn, bhí i gcónaí, níl de dhíth anois ach ardán a bhfuil íomhá níos airde aige.

Anonymous said...

Is fada an lá ó léigh mé leabhar ó thús go deireadh ar mhaithe le sult amháin... ach bhain mé sult as an dá leabhar sin a scríobh Joe Steve Ó Neachtain tá roinnt blianta ó shin: "An Lámh Láidir" agus "Scread Mhaidne". Dar liom gur cineál "Roots" Chonamara atá in An Lámh Láidir.

Anonymous said...

Dúirt Aonghus

Tá Fontenoy as cló faoi láthair, agus beidh sé seachtain nó dhó eile sula mbíonn an eagrán bog ar fáil. Mar sin, tá duine éigin dá gceannach! Dála an scéil a Philip, tuige nach bhfaigheann tú réidh leis an "comment moderation" - tá sé deacair comhrá a spreagradh má thogann sé cúpla lá na freagraí d'fheiscint! Beidh sé de rogha agat rudaí mí chuí a scrios pé scéal é, agus is leor (de ghnáth) an captcha (íomha atá le cur isteach) chun turscar a chosc.

Dubhaltach said...

D'aontóinn le Séamaí i leith "Fontenoy", sár-leabhar ar fad is ea é gan amhras.

Tá "Hurlamaboc" leite agam le déanaí chomh maith, bhí sé maith go leor agus ana-éasca a léamh, b'in an chéad leabhar Gaeilge ariamh a léigh mé gan ghá leis an bhfoclóir agam.
Bhain mé roinnt sult as agus bhí scéal faoin lad óg, Colm a bhí air sílim, agus a shaol crua leis a athair atá róthugtha le halcól.

Ach seachas an chuid sin den scéal ní mholfainn é do dhaoine nach bhfuil ina déagóirí i ndáiríre.

Bheadh sé níos oiriúnaí do dhéagóirí go cinnte!

Anonymous said...

Do leigh mé Cín Lae Seangáin roimh Nollaig agus do bhain mé taithneamh éicint as.