Wednesday 7 February 2007

Triúr, ar a laghad...

Gó raibh maith agaibh as na freagrai - tá triúr léitheoiri ann, ar a laghad, cé go bhfuil duine acu caoch agus is dóigh nach léann sé rud ar bith dá bharr.
Déanfaidh mé iarracht dul i dteagmháil le Bord na Leabhar Gaeilge nó le hÁIS le fáil amach an bhfuil figiúiri acu faoi lion na leabhar a dhioltar, ach tá mé ag déanamh nach mbionn an t-eolas seo ar fáil mar go gcuirfeadh sé beaguchtach ar na scribhneoiri, agus ar na léitheoiri.
(Dála an scéil, cad é mar a dhéanann tú i fada anseo - ni fhaighim ach nuair a bhainim triail as?)
An ceart ar fad agat faoi leabhair Joe Steve, thug an leabhar go direach isteach i gConamara thú agus bhi an scéal suimiúil freisin, mar a bhi le Lámh Láidir.
Nior léigh me Buaic go fóill, cé go bhfuil sé ar an liosta agam.
Ceist eile anois, cá bhfaigheann sibh na leabhair Ghaeilge?
Is fada an lá ó chonaic mé leabhair Ghaeilge (seachas leabhair d'fhoghlaimeoiri) sna siopai móra leabhar anseo i mBéal Feirste - leitheid Easons agus Waterstones.
An amhlaidh an cás san áit a bhfuil sibhse?

7 comments:

aonghus said...

Ar son na cúise, deanáim iad a ordú tríd an siopa leabhair áitiúl in Mullach Íde, áit a bhfuilim ag obair.

Bíonn fhios agam na leabahir a bheith ann de bharr moltaí (uaitse go minic, fch an mhír seo ar mo bhlag)

Seachas sin, bheinn ag braith ar cuplafocail.ie nó www.litriocht.com, nó siopa leabhair 6 Sráid Fhearchair.

Bhíodh Waterstones i mBÁC togha, ach chaill siad a n'anam nuair a díoladh iad le mór comhlucht. Tá réimse mhaith ag Hodges Figgis.

(Dála an scéil, deirtear go mbíonn ar a laghad naonúr a léann do gach duine a scríobhann ar bhlag mar seo)

Anonymous said...

Tá sé thar am leitheid seo de bhlag bheith ann nó is beag plé a dheintear ar na h-ealaion is cultúr, is litriocht, ar na meáin chraolta i nGaeilge. An gcreideann siad go bhfuil a leitheid ann?

Ba mhaith an rud é cúpla dán is gearr scéal a fhoilsiú anseo le tuairmí na leitheoirí a fháil ina dtaobh.

aonghus said...

Dúirt Fear gan Ainm:
"is beag plé a dheintear ar na h-ealaion is cultúr, is litriocht, ar na meáin chraolta i nGaeilge"

Céard faoi Soiscéal Pháraic ar TG4?

Freastal sách maith, measaim.

Bíonn na dánta 7rl sna hirisí - is chun plé atá blag ann!

Anonymous said...

Dar liomsa is maith ann é Soiscéal Pháraic - ach níl ann ach leath uair a chloig uair sa tseachtain. Níl tada ar RTÉ RnaG go bhfios dom. Tá gá le níos mó nó is beag leirmheastóireacht atá á dhéanamh ar shaothair i nGaeilge agus is boichte an saothar dá bharr sin.

aonghus said...

Is fíor dhuit. Ach tá sé deacair, tharla an pobal a bheith chomh beag, agus aithne ag mórán daoine ar a chéile!

Anonymous said...

Tá an ceart agat a Gan Ainm, ba thráth don saol Gaeilge blag mar seo a chur ar bun. Rinne tú tagairt ansin chomh maith do dhánta agus gearrscéalta a chur suas ann ach ar ndóigh bíonn a leithéid le fáil ar Lá Nua féin, agus www.nuacht.com, gach Céadaoin.

Maidir leis na háiteanna ina gceannaím leabhair Ghaeilge, braitheann sé ar an áit a bhfuil mé.
I mBaile Átha Cliath téim chuig Siopa Leabhar an Chonartha ach bíonn cuid mhór saothar Gaeilge le fáil in Hogges Figges chomh maith.
I mBéal Feirste tá an Cheathrú Póilí ann agus má bhíonn leabhair i gcanúint na hAlba uaim faighim iad ar an idirlíon.

Anonymous said...

Déarfainn féin go bhfuil níos mó daoine ag léamh saothar Gaeilge anseo ar an idirlíon ná mar atá ag ceannach leabhar srl.

Tá earnáil na litríochta scríofa an-tábhachtach ar ndóigh agus caithfidh muid treabhadh ar aghaidh i gcónaí ach an bhfaca duine ar bith líon na mblaganna Gaeilge atá ag eascairt amach na laethanta seo? Tá sé iontach! Agus tá an blag nua litríochta seo mar chuid den bhorradh.

Dála an scéil, aon rian de Lá Nua ag cur bailiúchán eile amach den saothar a bhí i gcló ar na leathanaigh litríochta ar na malaibh - cuid stuiff an-mhaith dar liom. Ach tá mise claonta - scríobh mé gearrscéal amháin acu!