Wednesday 28 February 2007

Léargas ar thraidisiúin eile

Is teagasc lárnach sa Bhúdachas é an mise a dhiúltú, mianta agus dearcadh pearsanta a chur ar ceal agus an fhíor-réaltacht a bhlaiseadh trí bheith i do bhreathnaitheoir ar an domhan mar atá sé, ní mar ba mhaith leat é a bheith.
Ach tugann an teagasc seo deacracht don scríbhneoir atá ag iarraidh an fhealsúnacht seo a chur os comhair an phobail: beidh an léitheoir comhfhiosach – beidh an scríbhneoir féin comhfhiosach – go bhfuil mise éigin ag scríobh na bhfocal, go bhfuil intinn agus dearcadh faoi leith taobh thiar den teachtaireacht.
Is é an réiteach a fhaigheann Rosenstock ar an deacracht seo pearsantacht nua a chumadh, Krishnamurphy, duine de chúlra ina bhfuil meascán den Iarthar agus den Oirthear, d'Éirinn agus den India – agus de shean-Éirinn fosta: ní bhíonn eagla air roimh Lochlannaigh má tá an fharraige gharbh.
Éiríonn leis an réiteach mar go bhfuil an guth leanúnach láidir tríd an leabhar.
Is duine é Krishnamurphy a deir rudaí iontacha, mar shampla, nach bhfuil bás ná breith ann, nach bhfuil siar ná soir ann, go bhfuil an t-am féin ina sheachmall.
B’fhéidir nach nglacaimid go hiomlán leis na fírinní seo ó Krishnamurphy, ach is cinnte go nglacaimid níos réidhe leo cionn is go bhfuil siad ag teacht uaidh seachas go díreach ó Rosenstock.
Éiríonn leis an aidhm atá ag na dánta, mar sin, muid a chur ag machnamh faoi fhealsúnacht agus faoi thraidisiún eile.
Tá an aidhm admhaithe go hoscailte sa chnuasach seo nuair a chuireann Krishnamurphy é féin i gcomparáid le Naomh Pádraig:
“Ach dála Phádraig Naofa fadó
Chuala mé muintir na hÉireann ag scairteadh orm”
Agus arís eile, in Confessio Krishnamurphy,
“Ego Krishnamurphy gan ego gan aon agó.”
Sa dóigh ar thug Pádraig an Chríostaíocht go hÉirinn, tá Krishnamurphy ag iarraidh an Búdachas a chur chun cinn.
Ach tugann an phearsantacht chumtha seo saoirse eile do Rosenstock fosta.
Ligeann sí dó labhairt go hoscailte agus go neamhbhalbh faoi ábhair a mbíonn geis orthu de ghnáth; an bás, mar shampla, agus an dearcadh gur cúis cheiliúrtha é – féach an dán, Dobhriste.
Ligeann sí dó fosta comhrá a bheith aige le Einstein, agus a acmhainn grinn a léiriú i ndánta éadroma.
Tá dóchas don fhocal scríofa i gceann de na tuairiscí ó Bhagdad atá sa leabhar: cé go bhfuil callán an chogaidh thart orthu, ní théann ach focail na bhfilí a fhad le cluas Allah.
“Na buamaí is na pléascáin go léir
Shoilsíodar an náire, tamall,
Gur thum de gheit go talamh.”
Sa dara cuid den leabhar seo, tá rogha haiku le Santoka, aistrithe ag Rosenstock.
Duine suimiúil a bhí in Santoka, manach a chaith a shaol ina dhéirceach, ag imeacht ó áit go háit, gan airgead ná dídean.
Bhí sé ina dhruncaeir fosta nár chloígh go righin le rialacha an haiku.
Tá blas den aistear sna haiku seo, é ag siúl thar sléibhte i ndrochaimsir, é uaigneach ach an nádúr ina chompánach aige:
“sa deireadh
sroisimid Tóiceo
mise is an ghealach”
Gheobhaidh an léitheoir Gaeilge dhá chompánach mhaithe sa leabhar seo, Krishnamurphy agus Santoka (tríonóid má chuireann muid Rosenstock san áireamh!), a chuirfidh traidisiúin nua os a chomhair agus a thabharfaidh ábhar machnaimh dó.
Agus gáire beag, anois is arís fosta.

No comments: