Thursday 1 March 2007

“A Little Loyal Jewish Ulster”

Tamall de bhlianta ó shin, shíleas bronntanas a thabhairt don Iarsmalann Ghiúdach i mBaile Átha Cliath - bailiúchán leabhar le cara liom, Chaim Bernant, a bhí seal ina leas-eagarthóir ar an Jewish Chronicle.
Away liom le mo bheart, dosaen leabhar, b’fhéidir, is glacadh uaim iad, an tráthnóna Domhnaigh sin.
Lámh níor croitheadh liom. Focal buíochais ní dúradh, ná nóta admhála ní bhfuaireas riamh.
Cuireadh ceist orm i dtaobh litreach ó Chaim a thit amach as leabhar amháin, litir ag cur cuireadh orm alt a scríobh fá dtaobh de na Giúdaigh in Éirinn.
Ar scríobh mé an t-alt riamh?
Ní dhearna, de réir mo chuimhne, is ba é sin sin.
Tá cuid eile leabhar le Chaim agam agus is agam a fhanfaidh siad.
Bítear ag caitheamh anuas orainn faoi nár thóg isteach an oiread teifeach ón Ghearmáin Naitsíoch is a shamhlaíonn daoine gur chóir.
Ach mar a léirigh ár dteip le cúpla céad ón Ungáir in 1956 agus an gad níos sofheicthe, níos éilithí dá réir, ní rabhamar in ann an inimirce a láimhseáil.
Ní raibh an tíogar úd tagtha go fóill.
Tá, gan dabht, níos mó le rá faoi sin ach ná bíodh slata tomhais ár linne gearrtha le muid a bhualadh anois.
Ní ritheann sé le daoine cé chomh liobrálach ar an cheist is a bhí Alt 44 de Bhunreacht 1937, alt a bhfuaireamar réidh leis gan cíoradh ceart, gan tuiscint cuí, gan na focail a léamh.
Ba leor ag lucht ár gcáinte an t-aitheantas a tugadh do mhóramh an phobail as a bheith ina móramh - téacs a phléigh Dev go mion le hArdeaspag Bhaile Átha Cliath d'Eaglais na hÉireann.
Mo phointe anseo gur tugadh aitheantas as ainm ar na Giúdaigh in Éirinn fosta - an t-aon Bhunreacht san Eoraip ag an am (tríochaidí na fhaisisteachais is an Naitseachais) a thug aitheantas dóibh.
Mórán den phobal Giúdach anseo, tháinig siad mar theifigh ó na pograms in 1905 in Impireacht na Rúise.
Ba as sin do mhuintir Chaim. Ón Liotuáin, mar a tharla, is a lonnaigh in Albain.
Ní haon rófháilte a chuir Balfour, Príomhaire Shasana ag an am, rompu, agus mar atá léirithe ag Roland Rance in eagrán na Samhna de Red Banner (nach bhfuil sa Queen’s Bookshop i mBéal Feirste, mo nuar), chuir Balfour “Aliens Act” os comhair na parlaiminte thall, é ag casaoid “an alien immigration which is largely Jewish”, é ag tuar “(a) state of things could easily be imagined in which it would not be to the advantage of the civilisation of the country that there shuld be an immense body of persons, who, however patriotic . . . by their own action remained a people apart, and not merely held a religion differing from the vast majority of their fellow countrymen, but only intermarried among themselves.”
Sa chomhthéacs sin, is follas nach le haon dea-thoil chucu a bhí an Balfour céanna in 1917 leis an “Balfour Declaration” a gheall do na Siónaigh go dtacódh an Bhreatain leo “national home” a bhunú sa Phalaistín.
An iarracht (eile) a bhí anseo iad a choinneáil amach as Sasana?
Cén léamh eile a chuirfeá air i gcomhthéacs meamram eile de chuid Balfour in 1919?
"In Palestine we do not propose even to go through the form of consulting the wishes of the present inhabitants of the country, though the American Commission has been going through the form of what they are. The four great powers are committed to Zionism and Zionism, be it right or wrong, good or bad, is rooted in age long tradition, in the present needs, in future hopes, of far profounder import then the desires of the 700,000 Arabs who now inhabit that ancient land.”
Ba é port ghobharnóir míleata Iarúsailéim ag an am (sular buaileadh críochdheighilt ar an tír seo, dála an scéil), Sir Ronal Storrs, go mbeadh na Giúdaigh mar “a little loyal Jewish Ulster in a sea of potentially hostile Arabism”.
(Ní fheadar ar mhothaigh Rangers go raibh siad ag baile nuair a chuir foireann ó Iosrael as Corn an UEFA iad le gairid?)
Ach le filleadh seal ar alt Roland Rance:
“This was the explicit bargain: rather than admit Jewsih refugees fleeing persecution, British, and later US, imperialism would sponsor the Zionist colonisation of Palestine, against the wishes and interests of the Palestinian people, in order to establish a secure base for the domination of the Arab world and control of its resources.”
Gan amhras, síolta an aighnis leanúnaigh sa chuid sin den domhan a bhí á gcur acu, an tráth sin. Ní fheadar an as sin – ar bhonn níos éadroime – go mbítear ag síneadh theorainneacha na hEorpa soir chun Iosrael a áireamh mar chuid di (UEFA, Eoraifís) agus mar a bheifeá a chothromú sin an Tuirc (nár admhaigh an cinedhíothú a rinne siadsan ar na hAirméanaigh riamh) a bheith áirithe mar bhallstát den Chomhphobal Eorpach sa todhchaí?
Ar inis mé riamh an scéal faoin lá a d’imir mé le foireann rugbaí na nGiúdach i mBaile Átha Cliath nuair ab ann di?
Neofad libh é ar ball agus tuilleadh de leabhar Chormaic Uí Ghráda, Jewish Ireland in the Age of Joyce, léite agam.
Ar nós chlann Chaim Bermant, ba as an Liotuáin don chuid ba mhó den phobal Giúdach anseo i gcéaduair.

No comments: