Tuesday 13 March 2007

Ócáid shuimiúil

Bhí mé ag ócáid ealaíne fhíorshuimiúil sa Chultúrlann i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Agallamh poiblí leis an fhile Louis de Paor a bhí ann, sórt Desert Island Discs ar dhóigh, mar roghnaigh de Paor cúpla píosa ceoil a thaitníonn leis agus labhair sé fúthu mar aon lena shaol mar scríbhneoir.
Deis a bhí ann don scríbhneoir labhairt go ginearálta faoi cheird na filíochta agus faoi na fáthanna a scríobhann sé. Agus ar ndóigh faoi na rudaí atá sé ag iarraidh a dhéanamh leis na fhilíocht.
Agus deis a bhí ann don lucht éisteachta aithne a chur ar an duine taobh thiar den scríbhneoireacht.
Sílim go spreagfaidh ócáidí mar seo daoine le níos mó de shaothar an scríbhneora a léamh, go dtuigfidh siad níos fearr é agus go mbainfidh siad níos mó taitnimh as a chuid leabhar de bharr an eolais atá acu anois ar chúlra an scríbhneora.
Dónall Mac Giolla Chóill ón pharóiste seo a bhí ag cur na gceisteanna ar de Paor, agus bhí sé iontach maith chuige: lig sé don fhile é féin caint gan cur isteach air rómhinic agus chuir sé na ceisteanna a chuirfeadh gnáthdhuine in ionad plé dhomhain chasta faoin litríocht a chur ar bun.
Bá é an t-agallamh le Louis de Paor an chéad cheann i sraith.
Bí ag amharc amach don chéad cheann eile agus déan iarracht freastal air.
Cluinim fosta go raibh an Dónall céanna ag damhsa le háthas ag Spraoi, ócáid cheoil a reachtáil na Gaeil Óga, níos moille an oíche chéanna, ach níl agam ach scéal scéil air sin.

6 comments:

Cibé in Éirinn said...

Sa chéad dul síos, a Philip, a chara dhíl, caithfidh mé rud amháin a shóiléarú duit, ní ón pharóiste seo dom, cibé paróiste seo, paróiste na hidirlíne an ea? agus ní ó pharóiste in Iarrthar Bhéal Feirste dom ach an oiread. Fear de bhunadh Ghaoth Dobhair is ea Mac Giolla Chóill.
" lig sé don fhile é féin caint gan cur isteach air rómhinic agus chuir sé na ceisteanna a chuirfeadh gnáthdhuine in ionad plé dhomhain chasta faoin litríocht a chur ar bun..."
GNÁTHDHUINE? Nach gnáthdhaoine sinn go léir, nó an bhfuil rud inteacht as an ghnáth faoi dhaoine ar leith?
Má tá "plé dhomhain chasta faoin litríocht" uait, tá a leithead ar fáil i Hallaí Léachtoireachta na hOllscoileanna, bhí sé mar a bhí sé in ainm is a bheith, mar chomhrá eadrom, le deis a fháil aithne a fháil ar an fhile, mar ghnáthduine. Tá áthas orm gur bhain tú sult as an oíche, agus ag deireadh, an scéal scéil úd faoim a bheith ag damhsa le háthas, is ea go raibh mé a tharraingt fríd an úrlár ag cailín óg, agus gan deis ag mo chuid bróga teagmháil leis an adhmaid. 'Áthas'? Eagla mo chraicin, le bheith beacht

Anonymous said...

Is maith a fheiceáil go bhfuil údar Na Cúirte Éigse seo tar éis píosaí faoi leith scríbhneoireachta a chur suas arís in ionad abhár a athchúrsáil ó nuachtán laethúil na Gaeilge.
Cén áit a bhfuil a fhiúntas sin?
Nach mbíonn an saothar - agus is maith cliste an saothar é - ar fáil ar shuíomh Lá Nua, díreach an áit chéanna a bhfuil an nasc leis an bhlag seo?

Cibé ar bith, nó Cibé in Éirinn ba chóir dom a rá, nach féidir le ‘Mac Giolla Chóill’ glacadh le magadh bog gan freagra mar sin thuas a chur amach os comhair an tsaoil?

Bainfidh mé sult as an chomrá ‘liteartha’ seo...

Anonymous said...

Desert Island Discs, filí ina ngnáthdhaoine, Spraoi, damhsa fíochmhar san aer, Gaeil Óga, spleodar, scríobh ar an idirlíon, caint faoi scríobh ar an idirlíon, Cúirteanna Éigse agus cibé atá ag dul in Éirinn.

Wow, tá sos de dhíth orm ina dhiadh sin ar fad, ach is cinnte go mbeidh mé ar ais!

Anonymous said...

Is fearr liom ceol de Paor - an bhféidir san a chuir ar an mblag?

Anonymous said...

Tá an saothar seo le cliosteáil ar podcraoladh Lá Nua ag www.nuacht.com - i gcomhar le Raidió Fáilte 107.1fm - raidió pobail Gaeilge Bhéal Feirste

Anonymous said...

Mar fhreagra ar Shéamaí, ba mhaith an rud é an t-abhar a bhíonn i Lá Nua a bheith ar fáíl ar an mblag seo le deis a thabhairt do dhaoine labhairt air agus scríobh faoi, díspeagadh a dhéanamh air nó a leitheid. Sin an rud atá i gceist le blag dar liom ar aon chuma. Níl ann ach áis go mbeidh sé ar fáíl do na blagadóirí os a gcomhair amach seachas a bheith ag dul ó shuíomh go suíomh.