Monday 19 February 2007

Cúpla tagairt nach mór dom a dhéanamh de rudai atá ráite agaibh. Dúirt anonymous go raibh Cin Láe Seangain léite aige agus go raibh "sásamh éigin" bainte aige as.
Silim go dtuigim cad é atá i gceist aige: tá an scribhneoireacht ar ardchaighdeán sa leabhar sin ach tá cuid de na scéalta ósréalach ar fad, faoi dhaoine atá ina gcónai i ndomhan iar-apacailipteach, nó daoine atá glan ar mire. Silim gur tréith ar leith é seo i ngearrscéalaiochta (aon leid faoi na i fada go fóill?)na Gaeilge, b'fhéidir ag tosú leis An Fear a Phléasc le Michael Ó Conghaile, ach féach gearrscéalta Eoghain Mhic Ghiolla Bhride fosta - bionn scribhneoiri na Gaeilge ag diriú ar charachtair atá ar fhiorimeall an tsochai.
An dóigh libh go bhfuil baint ag an tréith seo leis an teanga ina bhfuil siad ag scriobh? Gur teanga imeallach i agus go réitionn an t-ábhar leis an teanga?
Tá scribhneoiri ann a mhaionn go dtugann an Ghaeilge nios mó saoirse dóibh, go bhfuil siad in ann rudai a scriobh sa teanga sin nach scriobhfaidis i mBéarla.
Cad é bhur mbarúil faoi seo?
B'fhearr liom féin nios mó scéalta faoi ghnáthdhaoine, ach b'fhéidir go bhfuil mé róthraidisiúnta.
Maidir le domhan na Gaeilge a bheith róchúng le drochléirmheas a thabhairt ar leabhar, tá firinne leis sin ach, sa deireadh, ni ar leas na scribhneoiri ná ar leas na leirmheastóiri é.
Ni chaithfidh tú a bheith mailiseach, ach caithfidh tú an fhirinne a insint fosta.
Agus tá mé ag obair ar an chéad chnuasach eile de shaothar a foilsiodh i La faoi láthair, ach an bhliain 2005 i mó a bheith i gceist, a Thiogair!

1 comment:

aonghus said...

Níl an Ghearmáinís imeallach, agus thug sí Kafka dúinn!

Ach uaireanta feictear dom go mbíonn scríobhnóirí i nGaeilge ag déanamh ró iarracht "litríocht" a chruthú.

Dúirt CS Lewis uair amháin nach dtig le daoine rud ar bith a bhaint amach má tá siad ag faire orthu féin ag féachaint an bhfuil siad á bhaint amach.

Tá margadh leabhar na gaeilge béaganín aisteach - táim sách cinnte go gceannaíonn an cuid is mó againn leabhara siocair iad a bheith i nGaeilge nach rachadh muid i ngiorracht scréad asal dóibh dá mbeadh siad i mBéarla.

Fagann sin spás do leabhair mar seo, agus níl an iomaíocht ann chun an cháitleach a scagadh ón cruithneacht.