Wednesday 18 April 2007

Bóthar gan deireadh

THE ROAD
Cormac McCarthy
Picador, 241lch, £10.99 (ISBN 0330447556)

Tá Cormac McCarthy ar na húdair chomh-aimseartha is fearr liom.
Bhain mé an-sult as an Border Trilogy uaidh, úrscéalta faoi na buachaillí bó deireanacha ar an teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo.
Ar an drochuair, ní féidir liom an rud céanna a rá faoin leabhar is déanaí uaidh.
Suite i Meiriceá iar-apacailipteach, níl ach an dá charachtar ann, i ndáiríre, athair agus a mhac, iad ag triall ar an bhóthar ó dheas ar lorg bia agus teasa, agus ag seachaint na ndrong a itheann daoine beo.
Baineann an scéal, mar sin, leis an chaidreamh idir an bheirt sin ach, mar an gcéanna le leabhair eile de chuid McCarthy, níl na carachtair iontach cainteach.
Bhí sin inghlactha sna leabhair eile cionn is go raibh níos mó carachtar ann, agus cionn is go raibh plota eachtrach, suimiúil ann, ach anseo is laige é mar nach bhfuil rud ar bith eile ag tarlú – leanann siad leo ag siúl ar an bhóthar; má fheiceann siad daoine eile, léimeann siad isteach sna coillte dóite lena seachaint.
Sna leabhair eile, bhíodh scéal i gcónaí ag na mioncharachtair, ach anseo, níl ach an caidreamh tostach idir an t-athair agus an mac agus an síorstreachailt chun an dé a choinneáil iontu féin.
Sílim le fírinne gur gearrscéal atá ann, agus nár cheart don údar é a scríobh mar úrscéal.
Bhí stíl McCarthy riamh tearc, agus turgnamh de chuid an údair atá sa leabhar fáil amach cad é a tharlaíonn don stíl sin má ghlactar go dtí an dearbhtheorainn í, gan phlota, gan chaint.
An rud a tharlaíonn ná barraíocht den athrá, é ag cur síos, arís is arís eile, ar loime agus ar dhorchadas an tírdhreacha, ar éadóchas agus ar eagla na gcarachtar.
D’aon turas, ní thugann McCarthy míniú don léitheoir ar cad é a tharla don domhan, ar cad chuige a bhfuil sé sa riocht ina bhfuil sé anois, agus tá seo ciapach i ndiaidh tamaill mar tá sé ar na fathanna a bhfuil an léitheoir ag léamh ar aghaidh.
Ní thugann sé ainm féin don bheirt phríomhcharachtar.
Ceileann sé eolas eile fosta go dtí beagnach deireadh an leabhair, mar shampla, gur chuir an mháthair lámh ina bás féin.
Tá an leabhar cosúil le saothar Beckett, ach gan an greann, agus tá an greann sin tábhachtach mar is cuid de nádúr an duine é agus tá an leabhar ag iarraidh a bheith ina fhabhal ar nádúr an duine, an mhaith i bpearsana an athar agus an mhic i gcoinne an oilc, na dronga fiánta ar an bhóthar.
Leabhar le caitheamh sa bhruscar, mar sin?
Ní dhéarfainn sin, mar ainneoin na laigí, is scríbhneoir den scoth é go fóill McCarthy agus tá sleachta sa leabhar atá fíorálainn ar fad.
B’fhéidir gur sin an dóigh is fearr leis an leabhar seo a léamh, é a oscailt ag leathanaigh áirithe, anois is arís, agus píosaí beaga a léamh go randamach.
Fágfaidh mé sibh le sliocht as an leabhar féin ach, má dhúisíonn sé suim ionaibh níos mó de McCarthy a léamh, molaim daoibh tabhairt faoi All the Pretty Horses ar dtús sula dtabharfadh sibh faoin leabhar seo.
“Below in the little valley the still gray serpentine of a river. Motionless and precise. Along the shore a burden of dead reeds. Are your okay? he said. The boy nodded. Then they set out along the blacktop in the gun-metal light, shuffling through the ash, each the other’s world en

1 comment:

Rosie said...

léamh aon-oíche a bhí ann domsa - bhain mé ard-taitneamh as. thaitin an tost agus an uaigneas liom, cé go n-aontaím leat maidir leis na mioncharactair ina úrscéalta eile.

ní bheidh tú ag súil leis an scannán, mar sin?