Monday 23 April 2007

Feachtas i mBéal Feirste

Tá feachtas nua faoi easpa maoinithe sna healaíona le seoladh i mBéal Feirste Dé Céadaoin 25 Aibreán.

Tá an Chomhairle Ealaíon ó thuaidh ag tabhairt tacaíochta don fheachtas, ag iarraidh an méid céanna caithimh an duine anseo agus atá sa deisceart cheana féin.

Is féidir tuilleadh eolais faoin fheachtas a léamh anseo agus iarrtar ar dhaoine rphost a sheoladh ón suíomh le cur in iúl dá gcuid polaiteoirí go bhfuil móramh i bhfabhar an fheachtais.

Ní fheadar an mbeidh an tAire ceapta Cultúir ó thuaidh, Edwin Poots, i láthair ag an slógadh i gCearnóg na Scríbhneoirí sa chathair le héisteacht leis na hargóintí. Beidh air éirí go luath má tá rún aige páirt a ghlacadh ann - tosóidh an slógadh ag 10.30in.

Do bharúil an mbeidh a lán ealaíontóirí dúisithe ag an am sin?

4 comments:

Anonymous said...

Glacaim leis gurb é 10.30 rn atá i gceist agat.

philip said...

gabh mo leithsceal - reamhnóin a bhí i gceist maith go leor.

Unknown said...

Philip, a chara,

Gach seans go bhfuil tú ar an eolas cheana féin, ach bheinn thar a bheith buíoch dá bhféadfá an scéal a scaipeadh mar gheall ar chomórtas blagáil an Oireachtais – tá súil agam go bhfuil tú féin ag smaoineamh ar cur isteach air! Maith sibh i Lá Nua go bhfuil sibh chomh tógtha leis an mblagáil. Tá gach eolas ar an gcomórtas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt, pholaitiúil nó eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil, drámaíochta, scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).
Déantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008 a mheas.
Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos; chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige; an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d'fhoinsí eile agus a chuid scríbhneoireachta féin); an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge; an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith
curtha ar fáil).

nira shalom said...

Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551