Wednesday 18 April 2007

Lonraigh aníos mé, a Albanaigh

Bhí mé ag caint le mo bhean chéile, an oíche faoi dheireadh (bhí an teilifíseán as gléas).
Ní mórán uilig tuisceana atá aici ar thábhacht an lánchúlaí láir san iomáint ach, amanna, foghlaimím blúire beag eolais ó thaobh s’aicise den chomhrá.
Chuala sí, áit éigin, go bhfuil teaghlaigh ann i mBaile Átha Cliath atá ag caitheamh suas le 40% den teacht isteach atá acu ar chúram leanaí.
Ghlac mé leis go raibh dul amú uirthi faoin fhigiúr: in easnamh comhthacaíocht fianaise, glacaim leis i gcónaí go bhfuil dul amú ar mo bhean chéile mar níl mórán muiníne agam as a breith; phós sí mise, tar éis an tsaoil!
Ar an phraghas sin, bheinn ag dúil le sársheirbhís amach is amach: limisín ag teacht chun an dorais leis an páiste a thógáil; ceol clasaiceach ón steirió le linn an turais chun a shuim i rudaí cultúrtha ardnósacha a mhúscailt; múinteoir príobh-áideach sa suíochán cúil le Fraincis a theagasc dó ar an bhealach chun na naíolainne, agus ceann eile Spáinnise ar an bhealach abhaile; gobán nua, clúdaithe le mil nádúrtha, achan chúig bhomaite; agus rogha na gcíoch is fearr sa chathair, má tá an nós sin go fóill aige.
Istigh sa naíolann féin, bheadh beirt fheighlithe páiste ann d’achan leanbh, bheadh an gaineamh is míne ón Sahára ar fáil dó, folcadán lán le Evian má bhí fonn air súgradh le báid, ealaíontóirí agus scéalaithe gairmiúla ag fanacht le siamsa a chur ar fáil dó ar eagla go mbeadh sé dubh dóite.
Ag deireadh an lae, thabharfaí ar ais chun an tí é - nite, gléasta ina chuid pitseámí agus, más féidir, ina chodladh.
Rinne mé iarracht seirbhís mar sin a aimsiú i mBaile Átha Cliath, ach theip orm.
Ina dhaidh sin is uile, dealraíonn sé go bhfuil fírinne éigin le ráiteas mo mhná céile agus go bhfuil teaghlaigh ag caitheamh suas le 40% den teacht isteach atá acu ar ghnáthsheirbhís cúram leanaí.
Tá dhá mhíniú ar an scéal seo: tá teacht isteach iontach íseal ag daoine sa phríomhchathair, nó tá tuismitheoirí cois Life iontach bómánta.
Is léir ón chaint uilig faoi na tíogair atá acu mar pheataí theas, nach bhfuil an chéad hipitéis ceart; mar sin, tógaimis an dara ceann. Má tá cúram leanaí de dhíth ar theaghlach, tá an bheirt tuismitheoirí ag obair ach, má tá, is aisteach an obair a dhéanann duine acu mar ní fhaigheann sé/sí leas ar bith as an airgead a ghnóthaíonn sé/sí.
Abair go bhfuil an tuarastal céanna ag an bheirt acu: nuair a chuireann tú costais taistil, lón, srl. san áireamh, tá duine amháin ag tabhairt an t-airgead uilig a ghnóthaíonn sé/sí don naíolann.
An bhfuil focal eile air seo ach bómántacht?
Sa chéad dul síos, ní féidir leo a mhaíomh go bhfuil an dara tuarastal de dhíth orthu mar tugann siad ar shiúl é, agus sa dara dul síos, tá siad ag ligean do strainséirí a bpáistí a thógáil.
Agus ansin, cluinim iad ar chláir raidió agus theilifíse ag gearán go mothaíonn siad ciontach cionn is nach bhfuil siad ag caitheamh go leor ama lena bpáistí.
Mar a dúirt Chekhov (i bhfocail eile), níl ach bealach amháin ann le dul chuig Moscó, agus is é sin imeacht ón áit ina bhfuil tú agus aghaidh a thabhairt ar an bhealach chuig Moscó.
Má tá na gearánaigh seo ag iarraidh i ndáiríre níos mó ama a chaitheamh lena gcuid páistí, déanaidís é, éirídís as an obair agus déanaidís a gcúram leanaí féin. Is léir nach gcronóidh siad an t-airgead a shaothraíonn siad mar ní fhaigheann siad an t-airgead sin, cibé ar bith, faigheann an naíolann é.
Ach, sin an rud, tá seans ann nár mhaith leo i ndáiríre am a chaitheamh lena gcuid páistí.
Aithneodh tú na tuismitheoirí seo mar bíonn siad i gcónaí ag caint faoi na bréagbhuntáistí a bhaineann le do pháistí a chur i naíolann, seafóid faoi scileanna cumarsáide agus a leithéid.
Tagaim ar ais chuig an dearcadh gur cheart ceadúnas a bheith agat le síolrú.
Ní oiriúintí faisin iad páistí, ach daoine beaga le mianta agus le riachtanais dá gcuid féin, agus tá tuismitheoirí ar bharr an liosta sin.
Ach cé go bhfuil tuismith-eoirí Bhaile Átha Cliath agus a socruithe cúram leanaí beagnach dochreidte, níl siad ar an rud is dochreidte a dúirt mo bhean chéile liom, an tseachtain seo, mar d’iarr sí orm seic do mhíle go leith punt a scríobh don chomhlacht leictreachais.
Míle, cúig chéad punt, agus ní as leictreachas a d’úsáid muid fiú, ach leis an leictreachas a cheangal den teach nua atá á thógáil aici faoin tuath (ní bhfuair mé scéal cinnte uaithi go fóill an mbeidh mé ag aistriú léi nuair a thiocfaidh an t-am).
Seo córas nua, a shíl mé, díolann tú as an leictreachas uilig uair amháin, ag an tús, agus ní fhaigheann tú bille ar bith ón chomhlacht ina dhiaidh sin ach, de réir dealraimh, beidh an comhlacht ag seoladh bille chugainn gach ráithe fosta, agus caithfidh mé íoc as an seans sin a chur ar fáil dó.
Dar liom, ba cheart go mbeadh an comhlacht ag tabhairt airgid domsa as ligean dó a sheirbhís, seachas seirbhís comhlachta eile, a chur ar fáil sa teach nua.
Ach sin an saol duit, tá daoine áirithe chomh gnóthach sin ag saothrú airgid go dtugann siad an t-airgead sin do dhaoine eile le haire a thabhairt dá gcuid páistí, agus gearrann comhlachtaí bille ort sa dóigh is go mbeidh siad in ann níos mó billí a ghearradh ort.
Go hiomlán dochreidte.
Tá fonn orm dul ar ais go Plútón, ach deirtear liom nach pláinéad níos mó é.

1 comment:

aonghus said...

Aor chumasach. Sean nós gaelach amháin a bhfuil rath air!