Wednesday 28 February 2007

Léargas ar thraidisiúin eile

Is teagasc lárnach sa Bhúdachas é an mise a dhiúltú, mianta agus dearcadh pearsanta a chur ar ceal agus an fhíor-réaltacht a bhlaiseadh trí bheith i do bhreathnaitheoir ar an domhan mar atá sé, ní mar ba mhaith leat é a bheith.
Ach tugann an teagasc seo deacracht don scríbhneoir atá ag iarraidh an fhealsúnacht seo a chur os comhair an phobail: beidh an léitheoir comhfhiosach – beidh an scríbhneoir féin comhfhiosach – go bhfuil mise éigin ag scríobh na bhfocal, go bhfuil intinn agus dearcadh faoi leith taobh thiar den teachtaireacht.
Is é an réiteach a fhaigheann Rosenstock ar an deacracht seo pearsantacht nua a chumadh, Krishnamurphy, duine de chúlra ina bhfuil meascán den Iarthar agus den Oirthear, d'Éirinn agus den India – agus de shean-Éirinn fosta: ní bhíonn eagla air roimh Lochlannaigh má tá an fharraige gharbh.
Éiríonn leis an réiteach mar go bhfuil an guth leanúnach láidir tríd an leabhar.
Is duine é Krishnamurphy a deir rudaí iontacha, mar shampla, nach bhfuil bás ná breith ann, nach bhfuil siar ná soir ann, go bhfuil an t-am féin ina sheachmall.
B’fhéidir nach nglacaimid go hiomlán leis na fírinní seo ó Krishnamurphy, ach is cinnte go nglacaimid níos réidhe leo cionn is go bhfuil siad ag teacht uaidh seachas go díreach ó Rosenstock.
Éiríonn leis an aidhm atá ag na dánta, mar sin, muid a chur ag machnamh faoi fhealsúnacht agus faoi thraidisiún eile.
Tá an aidhm admhaithe go hoscailte sa chnuasach seo nuair a chuireann Krishnamurphy é féin i gcomparáid le Naomh Pádraig:
“Ach dála Phádraig Naofa fadó
Chuala mé muintir na hÉireann ag scairteadh orm”
Agus arís eile, in Confessio Krishnamurphy,
“Ego Krishnamurphy gan ego gan aon agó.”
Sa dóigh ar thug Pádraig an Chríostaíocht go hÉirinn, tá Krishnamurphy ag iarraidh an Búdachas a chur chun cinn.
Ach tugann an phearsantacht chumtha seo saoirse eile do Rosenstock fosta.
Ligeann sí dó labhairt go hoscailte agus go neamhbhalbh faoi ábhair a mbíonn geis orthu de ghnáth; an bás, mar shampla, agus an dearcadh gur cúis cheiliúrtha é – féach an dán, Dobhriste.
Ligeann sí dó fosta comhrá a bheith aige le Einstein, agus a acmhainn grinn a léiriú i ndánta éadroma.
Tá dóchas don fhocal scríofa i gceann de na tuairiscí ó Bhagdad atá sa leabhar: cé go bhfuil callán an chogaidh thart orthu, ní théann ach focail na bhfilí a fhad le cluas Allah.
“Na buamaí is na pléascáin go léir
Shoilsíodar an náire, tamall,
Gur thum de gheit go talamh.”
Sa dara cuid den leabhar seo, tá rogha haiku le Santoka, aistrithe ag Rosenstock.
Duine suimiúil a bhí in Santoka, manach a chaith a shaol ina dhéirceach, ag imeacht ó áit go háit, gan airgead ná dídean.
Bhí sé ina dhruncaeir fosta nár chloígh go righin le rialacha an haiku.
Tá blas den aistear sna haiku seo, é ag siúl thar sléibhte i ndrochaimsir, é uaigneach ach an nádúr ina chompánach aige:
“sa deireadh
sroisimid Tóiceo
mise is an ghealach”
Gheobhaidh an léitheoir Gaeilge dhá chompánach mhaithe sa leabhar seo, Krishnamurphy agus Santoka (tríonóid má chuireann muid Rosenstock san áireamh!), a chuirfidh traidisiúin nua os a chomhair agus a thabharfaidh ábhar machnaimh dó.
Agus gáire beag, anois is arís fosta.

Monday 19 February 2007

Cúpla tagairt nach mór dom a dhéanamh de rudai atá ráite agaibh. Dúirt anonymous go raibh Cin Láe Seangain léite aige agus go raibh "sásamh éigin" bainte aige as.
Silim go dtuigim cad é atá i gceist aige: tá an scribhneoireacht ar ardchaighdeán sa leabhar sin ach tá cuid de na scéalta ósréalach ar fad, faoi dhaoine atá ina gcónai i ndomhan iar-apacailipteach, nó daoine atá glan ar mire. Silim gur tréith ar leith é seo i ngearrscéalaiochta (aon leid faoi na i fada go fóill?)na Gaeilge, b'fhéidir ag tosú leis An Fear a Phléasc le Michael Ó Conghaile, ach féach gearrscéalta Eoghain Mhic Ghiolla Bhride fosta - bionn scribhneoiri na Gaeilge ag diriú ar charachtair atá ar fhiorimeall an tsochai.
An dóigh libh go bhfuil baint ag an tréith seo leis an teanga ina bhfuil siad ag scriobh? Gur teanga imeallach i agus go réitionn an t-ábhar leis an teanga?
Tá scribhneoiri ann a mhaionn go dtugann an Ghaeilge nios mó saoirse dóibh, go bhfuil siad in ann rudai a scriobh sa teanga sin nach scriobhfaidis i mBéarla.
Cad é bhur mbarúil faoi seo?
B'fhearr liom féin nios mó scéalta faoi ghnáthdhaoine, ach b'fhéidir go bhfuil mé róthraidisiúnta.
Maidir le domhan na Gaeilge a bheith róchúng le drochléirmheas a thabhairt ar leabhar, tá firinne leis sin ach, sa deireadh, ni ar leas na scribhneoiri ná ar leas na leirmheastóiri é.
Ni chaithfidh tú a bheith mailiseach, ach caithfidh tú an fhirinne a insint fosta.
Agus tá mé ag obair ar an chéad chnuasach eile de shaothar a foilsiodh i La faoi láthair, ach an bhliain 2005 i mó a bheith i gceist, a Thiogair!

Wednesday 7 February 2007

Triúr, ar a laghad...

Gó raibh maith agaibh as na freagrai - tá triúr léitheoiri ann, ar a laghad, cé go bhfuil duine acu caoch agus is dóigh nach léann sé rud ar bith dá bharr.
Déanfaidh mé iarracht dul i dteagmháil le Bord na Leabhar Gaeilge nó le hÁIS le fáil amach an bhfuil figiúiri acu faoi lion na leabhar a dhioltar, ach tá mé ag déanamh nach mbionn an t-eolas seo ar fáil mar go gcuirfeadh sé beaguchtach ar na scribhneoiri, agus ar na léitheoiri.
(Dála an scéil, cad é mar a dhéanann tú i fada anseo - ni fhaighim ach nuair a bhainim triail as?)
An ceart ar fad agat faoi leabhair Joe Steve, thug an leabhar go direach isteach i gConamara thú agus bhi an scéal suimiúil freisin, mar a bhi le Lámh Láidir.
Nior léigh me Buaic go fóill, cé go bhfuil sé ar an liosta agam.
Ceist eile anois, cá bhfaigheann sibh na leabhair Ghaeilge?
Is fada an lá ó chonaic mé leabhair Ghaeilge (seachas leabhair d'fhoghlaimeoiri) sna siopai móra leabhar anseo i mBéal Feirste - leitheid Easons agus Waterstones.
An amhlaidh an cás san áit a bhfuil sibhse?